An Mhaighdean Mara Songtext

Is cosúil gur mheath tú
nó gur thréig tú an greann
Tá an sneachta go freasach
fá bhéal na mbeann'
Do chúl buí daite
is do bhéílín sámh
Siúd chugaibh Mary Chinidh
is í i ndiaidh an Éirne shnámh

'A mháithrín mhilis,
'duirt Máire bhán
Fá bhruach an chladaigh
is fá bhéal na trá
'Maighdean mhara
mo mháithrín ard'
Siúd chugaibh Mary Chinidh
is í i ndiaidh an Éirne shnámh

Tá mise tuirseach
agus beidh go lá
Mo Mháire bhruinneall
is mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonnta
is fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh
is í i ndiaidh an Éirne shnámh
This website uses cookies to ensure you get the best experience on our website. Closing this message or scrolling the page you will allow us to use it. Learn more