An Buinneán Buí Songtext

A Bhuinneán Bhuí 's é mo lán do luí,
'S do chnámha sínte tar éis do ghrinn;
'S ní easpa bia, ach diobháil dí,
A d' fhág 'do luí thú ar chúl do chinn.
Is measa liom féin ná scrios na Trái,
Tu a bheith 'do luí ar leaca lom.
Is nach ndearn' tú díth ná dolaidh sa tír,
'S nárbh fhearr leatsa fíon ná nisce poill.
Ni iad bhur n-éanlaith atá mé 'g eagcaoin
An lon, an smaolach, nó 'n chorr-ghlas.
Ach mo Bhuinnéan Bui, bhí lán do 'n chroí,
Is gur bhfearr liom fhéin í i nós is i ndath.
Bhíodh sí go sioraí ag ól na dí,
Is deirtear go mbím-sa mar sin seal.
Nil aon deor dá bhfaighinn-se nach ligfinn síos,
Ar eagla go bhfaighinn-se bás dé 'n tart!

Sé d 'iarr mo st´r orm ligean den ól,
Nó nach mbéinn-se beo ach seal beag gearr,
Ach dúirt mé leíthe go dtug sí an bhréag,
'S gur bh'fhaide mo shaol-sa an deoch úd d' fháil.
Nach bhfeiceann sib éan an phíobáin réidh,
A chuaigh in éag do 'n tart ar ball.
Is a chomharsana chéibh, fluichaigí bhur mbéal,
Óir chan fhaghan sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
This website uses cookies to ensure you get the best experience on our website. Closing this message or scrolling the page you will allow us to use it. Learn more